Giniúint leictreachais
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is giniúint leictreachais ann ná an próiseas a ghineann cumhacht leictreach ó fhoinsí de phríomh fhuinneamh. Le haghaidh na bhfóntas leictreachais, is é an chéad phróiseas i soláthar leictreachais do thomhaltóirí. Na próisis eile mar atá tarchur, dáileadh, stóráil fuinnimh agus aisghabháil ag baint úsáide as modhanna taiscthe caidéalaithe, cuirtear i gcrích de ghnáth ag an earnáil cumhachta leictreachais.
Go minic, gintear leictreachais ag stáisiún cumhachta trí ghineadóirí leictrimheicniúla, go príomha tiomáinte ag teasinnill tiomáinte le dócháin nó eamhnú núicléach, ach freisin, trí mhodhanna eile ar nós an fhuinnimh chinéitigh ó shileadh uisce agus gaoth.
Tá foinsí fuinnimh eile san áireamh freisin, a mhacasamhail agus grianchealla fótavoltacha agus fuinneamh geoiteirmeach.