Gilbert Baker
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ealaíontóir Meiriceánach, gníomhaí ar son cearta LADT, agus cumadóir is dearthóir na brataí bogha báistí ab ea Gilbert Baker.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 2 Meitheamh 1951 Chanute, Kansas, Kansas |
Bás | 31 Márta 2017 65 bliana d'aois Nua-Eabhrac, New York |
Siocair bháis | Galar corónach croí |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ardscoil Shinsearach Parsons |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Dearadh |
Gairm | ealaíontóir, gníomhaí ar son cearta daoine LADT, dearthóir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Daonlathach |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh gréasáin | gilbertbaker.com |
Dún
Rugadh é ar 2 Meitheamh 1951, i Chanute, Kansas. D'fhás sé suas i Parsons, Kansas, nuair bhí siopa éadaí ban lena sheanmháthair. Bhí a athair ina bhreitheamh agus a mháthair ina múinteoir.
Chruthaigh sé an bhratach tuar ceatha i dteach comhchoiteann in 1978 agus ag obair ag Comhlacht Paramount Flag i San Francisco. Bhog Baker chuig Nua-Eabhrac, áit a mbeadh sé ina chónaí don chuid eile dá shaol, ag déanamh obair chruthaitheach agus gníomhaíochta do chearta LADT.