Gabhlán creige
géineas éan / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ceithre speiceas d'éin bheaga pasaireacha iad na gabhláin créige sa ghéineas Ptyonoprogne den fhine Hirundinidae. Is iad; an gabhlán creige Eoráiseach (P. rupestris ), an gabhlán creige bán (P. obsoleta), an gabhlán carraige (P. fuligula ) agus an gabhlán creige breacdhorcha (P. concolor ). Tá dlúthbhaint acu lena chéile, agus roimhe seo measadh uaireanta gur speiceas amháin iad. Tá dlúthbhaint acu le na Hirundo (na fáinleoga sciobóil) agus cuireann údaráis áirithe iad sa ghéineas sin. Is fáinleoga beaga iad seo le codanna uachtaracha donn, na codanna íochtaracha níos gile gan banda cíche, agus eireaball cearnach le paistí bána. Is féidir iad a idirdhealú óna chéile ar mhéid, dath na gcodanna uachtaracha agus na gcodanna íochtaracha, agus mionsonraí cluimhrí cosúil le dath na bpíob. Tá siad cosúil leis an gabhlán gainimh, ach tá siad níos dorcha faoi bhun, agus easpa banda cíche acu.
Ptyonoprogne | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Passeriformes |
Fine | Hirundinidae |
Géineas | Ptyonoprogne Reichenbach, 1850 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Is speicis iad seo de ghnáthóga sléibhtiúla craragacha, cé go mbíonn na trí cinn ina gcónaí go minic in áitribh dhaonna freisin. Tá gabhlán carraige na hAfraice agus gabhlán creige breacdhorcha na hÁise Theas cónaitheach, ach is imirceach páirteach é an gabhlán creige Eoráiseach; is cónaitheoirí den chuid mó iad na héin atá ag pórú i ndeisceart na hEorpa, ach is imirceoiríiad roinnt póraitheoirí tuaisceartacha agus an chuid is mó d'éin na hÁise, ag geimhriú i dtuaisceart na hAfraice nó san India. De ghnáth ní chruthaíonn siad coilíneachtaí móra pórúcháin, ach tá siad níos tréadúla lasmuigh de shéasúr an ghoir. Tógann na gabhláin seo neadacha néata láibe faoi aillte crochta nó i scáintí sna sléibhte, agus tá siad oiriúnaithe go fonnmhar do na haillte saorga a sholáthraíonn foirgnimh agus droichid mhótarbhealaigh. Is féidir suas le cúig ubh, bán le balscóidí dorcha ag an taobh níos leithne, a leagan, agus tá an dara baisc uibheacha coitianta. De ghnáth, itheann na gabhlain Ptyonoprogne feithidí a ghabhtar ar eitilt, agus téann siad ar patról in aice leis an suíomh pórúcháin le heitilt mhall fiaigh agus iad ag iarraidh a gcreach a fháil. Féadfaidh fabhcúin iad a fhiach agus féadfaidh siad a bheith ionfhabhtaithe le fíneoga agus le dreancaidí, ach ciallaíonn a raonta móra agus a ndaonraí móra nach meastar go bhfuil aon cheann de na gabhláin seo faoi bhagairt, agus go bhfuil siad go léir rangaithe mar 'Speiceas is lú imní' ar Liosta Dearg an AICD.