Fuilchill bhán
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is fuilchealla bána (FCB), fuilchoirpíní bána nó leocaicítí ann ná cealla an chórais imdhíonachta a mbíonn baint acu leis an gcolainn a chosaint i gcoinne na ngalar tógálach agus earraí coimthíocha. Tá cúig chineál leocaicíte difriúil agus éagsúil ann, ach díorthaíonn siad ar fad ó chill ilchumhachtach sa smior, ar a dtugtar an ghaschill fhuilghinte. Bíonn leocaicítí le fáil ar fud na colainne, lena n-áirítear an córas fola agus limfeach.
Cuid de | fuil |
---|---|
Aitheantóirí | |
MeSH | D007962 |
TH | H2.00.04.1.02001 |
FMA | 62852 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/white-blood-cell |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Is minic a bhíonn líon na bhfuilcheall bán ina tháscaire ghalair. De ghnáth, bíonn idir 4 × 109 agus 1.1 × 1,010 fuilchill bhán i lítear fola, sé sin thart ar 1% de fhuil i nduine fásta sláintiúil. Glaoitear leocaicíteóis ar mhéadú ar líon na leocaicít thar na n-uasteorainneacha, agus tugtar leocaipéine ar laghdú faoi bhun an teorainn is ísle. Féadfaidh airíonna fisiceacha na leocaicít a bheith athruithe, mar shampla toirt, seoltacht, agus gráinneacht de bharr ghníomhachtaithe, de réir ceall neamhaibí bheith i láthair, nó i gcás na leoicéime leocaicítí urchóideacha a bheith ann.