Flóra na hAstráile
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is mór ar fad an méid speiceas a bhaineann le flóra na hAstráile - os cionn 20,000 planda soithíoch, 14,000 planda neamhshoithíoch, 250,000 speiceas d'fhungas agus 3,000 léicean. Is mór an chosúlacht atá idir an flóra seo agus flóra Ghondwana[1] Fásra an-logánta atá i gceist, cé go mbaineann siad le finte forleathana, agus tá baint ag a n-éagsúlacht leis an ngluaiseacht ilchríochach agus leis an athrú aeráide ón Tréimhse Chailceach i leith. D'fhág an tuire agus an tine rian ar leith ar an bhflóra seo, rud is léir óna bhfuil ann de chrainn scléireadhuilleacha[2] agus a bhfuil a lorg le haithint ar fhinte móra ar nós Proteaceae (Banksia), Myrtaceae (Eoclaip - crainn ghuma), and Fabaceae (Acaicia - caolacháin).
Is mór a d'athraigh an flóra de bharr theacht na mBundúchasach os cionn 40,000 bliain ó shin agus de bharr lonnú na nEorpach sa tír ón mbliain 1788 i leith. D'athraigh dáileadh na speiceas go mór le himeacht aimsire de bharr úsáid an dóiteáin ag na Bundúchasaigh: i mBéarla tugtar ‘firestick farming’ (saothrú dóiteáin) air seo. Ar theacht na nEorpach rinneadh mórathrú ar an bhfásra de bharr na feirmeoireachta nó spré na gcathracha, rud a d’fhág dealramh nua ar a lán éiceachóras agus ba chúis le 61 speiceas de phlandaí a dhíothú agus breis is míle eile a chur i mbaol.