Eoleolaíocht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an Eoleolaíocht[1][2] nó Eaglais na hEoleolaíochta (Béarla: Scientology) an creideamh a chum agus a cheap an scríbhneoir ficsin eolaíochta L. Ron Hubbard sa bhliain 1952. Creideamh é a bhí go minic ina chúis achrainn ó thús a staire, agus is minic nach mbíonn sé soiléir cé acu creideamh nó córas teiripe agus comhairleoireachta atá ann. Cuirtear ina leith fosta go bhfuil blas áirithe den cheoldráma spáis ar thuiscint na hEoleolaíochta ar réamhstair an chine dhaonna.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | gluaiseacht reiligiúnach nua creideamh |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | Bealtaine 1952 |
Bunaitheoir(í) | L. Ron Hubbard |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Suíomh gréasáin | scientology.org |
Tugtar Eaglais na hEoleolaíochta ar an eagraíocht a choinníonn súil ar chleachtais agus chreideamh cheart na hEoleolaíochta agus a chraobhscaoileann ar fud an domhain í. Cuireadh tús leis an eaglais mar eagraíocht reiligiúnach sa bhliain 1953, ach roimhe sin, bhí córas féinchabhrach dá dhéantús féin ag Hubbard, an diainéitic nó Dianetics. Dúirt sé féin gur "fealsúnacht reiligiúnach fheidhmitheach" a bhí san Eoleolaíocht, nó dúshraith a bhféadfaí reiligiún nua a thógáil uirthi.
Nuair a fuair Hubbard féin bás, tháinig David Miscavige i gcomharbacht air mar phríomhcheannasaí eaglasta. Go bunúsach, tá Miscavige ina chathaoirleach boird ar an Religious Technology Center, nó "Lárionad na Teicneolaíochta Reiligiúnaí". Is é an Lárionad seo úinéir na dtrádmharc a bhaineann leis an Eoleolaíocht, cosúil leis na hainmneacha Scientology agus Dianetics féin.
Teagascann an Eoleolaíocht gur neacha neamhbhásmhara iad na daoine a rinne dearmad dá ndúchas. An duine a dteastaíonn uaidh biseach a fháil agus teacht i dteagmháil lena fhíor-nádúr arís, caithfidh sé dul faoi iniúchadh (auditing). Is éard is ciall leis an "iniúchadh" ná cineál comhairleoireacht spioradálta a chuireann ar chumas an othair gabháil trína chuid trámaí síceacha in athuair leis na srianta a bhaint dá intinn a d'fhág na trámaí seo uirthi.
Ón lá ar tháinig sí chun saoil, tá an Eoleolaíocht ina hábhar conspóide agus achrann, idir chreideamh agus eagraíocht. Tá sé ráite ag go leor iriseoirí, cúirteanna agus ranna rialtais i dtíortha éagsúla, gur cultas mífholláin dainséarach í Eaglais na hEoleolaíochta. Thairis sin, dúirt a lán acu go mbíonn lucht stiúrtha an chultais ag glacadh buntáiste ar ghnáthbhaill na heaglaise agus ag saothrú an airgid mhóir orthu - is é sin, gur fiontar neamhscrupallach camghnó í an Eoleolaíocht. Is é an freagra is nós leis na hEoleolaithe féin a thabhairt ar na líomhaintí seo gur bolscaireacht de chuid grúpaí sainleasa atá ann agus go bhfuiltear ag baint fola as seanchoilm chneasaithe. Sna Stáit Aontaithe, tá stádas an reiligiúin ag an Eoleolaíocht, agus an eaglais díolmhaithe ó na cánacha, mar a bhíonn na heagraíochtaí reiligiúnacha sa tír sin.
Tá cuid mhaith eagraíochtaí carthanais agus gnólachtaí dá gcuid féin ag na hEoleolaithe, cosúil le Narconon, atá dírithe ar lucht mí-úsáidte na ndrugaí a athshlánú is a athinmhiú; Criminon, leis na coirpigh a leigheas agus a chur i mbealach a leasa; Volunteer Ministers, agus iad ag tabhairt sóláis do dhaoine atá in ísle brí nó i gcruachás; agus an World Institute of Scientology Enterprises, foras a sholáthraíonn oiliúint do lucht gnó de réir mhodh oibre na diainéitice. Is é an locht is minicí a fhaigheann criticeoirí na hEoleolaíochta ar na heagraíochtaí seo ná nach bhfuil iontu go bunúsach ach cleas earcaíochta.
Cuid acu siúd a thréig eaglais na hEoleolaíochta, tá siad ag iarraidh an diainéitic agus fealsúnacht na hEoleolaíochta a fhorbairt, a fheabhsú agus a chraobhscaoileadh beag beann ar an eaglais. Tugann siad "Crioslach na Saoirse", nó an Free Zone, orthu féin. Tá fuath na ndaol ag lucht na heaglaise ar na heoleolaithe neamhspleácha seo, agus is é an t-ainm atá acu orthu ná "na hioraí rua" (the squirrels).
Sa bhliain 1966, bhunaigh Hubbard cabhlach d'Eaglais na hEoleolaíochta, an Sea Org nó an Eagraíocht Farraige. I dtús a staire, bhí lucht na hEagraíochta Farraige ag caitheamh cultacha catha a chuirfeadh sainéide Chabhlach na Stát Aontaithe i gcuimhne duit, agus longa acu le haghaidh seoltóireachta. Inniu féin, tá stádas na scothaicme ag lucht an Sea Org san eaglais, cé nach mbíonn na hEoleolaithe chomh tugtha don tseoltóireacht agus don loingseoireacht agus a bhí tráth. Chaith Hubbard seal gairid ina oifigeach cabhlaigh nuair a bhí sé óg, agus cineál cumha air i ndiaidh na laethanta sin nuair a bhunaigh sé an Sea Org, is dócha.