Elba
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is oileán é Elba (Isola d'Elba san Iodáilis) i dTuscáin (Toscanana san Iodálais) na hIodáile, agus é suite san fharraige, 20 km amach ó bhaile chósta Piombino. Is é an t-oileán is mó d'oileánra na Tuscaine é, agus an tríú is mó tar éis an tSicil agus an tSairdín, i bPoblacht na hIodáile.
(it) Elba | ||||
Cineál | Oileán | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Oileánra na Tuscáine | |||
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúil | Muir Thoirian | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Cúige Livorno, An Iodáil | |||
| ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir Liogúrach | |||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 1,019 m | |||
Toisí | 18 () × 29 () km | |||
Imlíne | 147 km | |||
Pointe is airde | Mount Capanne (en) (1,019 m ) | |||
Achar | 223 km² | |||
Suíomh gréasáin | visitelba.com… | |||
Tá Elba agus na hoileáin eile (Gorgona, Capraia, Pianosa, Montecristo, Giglio agus Giannutri) d'oileánra na Tuscaine cosanta mar tá siad taobh istigh den Pháirc Náisiúnta (Parco Nazionale Arcipelago Toscano in Iodáilis). Tá an Chorsaic, atá faoi riail na Fraince, timpeall 50 km siar ó Elba.
Roinntear an oileán in ocht gComún: Portoferraio, Campo nell'Elba, Capoliveri, Marciana, Marciana Marina, Porto Azzurro, Rio Marina and Rio nell'Elba.
Tá dromchla tuairim agus 224 ciliméadar cearnach agus líne chósta tuairim agus 147 km aige. Is é Monte Capanne, ag 1,018 meadair, an sliabh is airde ann. Tá daonra cothrom le 30 000 ina gcónaí san oileán