Edmond Debeaumarché
From Wikipedia, the free encyclopedia
Fear poist a ghlac páirt i bhFrithbheartaíocht na Fraince le linn an Dara Cogadh Domhanda a bhí in Edmond Debeaumarché (15 Nollaig 1906 – 28 Márta 1959). Tháinig sé slán, más ar éigin, ón gcogadh agus bronnadh iomaí suaitheantas air sna blianta iarchogaidh.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (fr) Edmond Paul Debeaumarché 15 Nollaig 1906 Dijon, An Fhrainc |
Bás | 28 Márta 1959 52 bliana d'aois Suresnes, An Fhrainc |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, trodaire Fhrithbheartaíocht na Fraince |
Ball de pháirtí polaitíochta | French Section of the Workers' International (en) |
Teangacha | An Fhraincis |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | An Dara Cogadh Domhanda |
Gradam a fuarthas
|
Bhain Debeaumarché feidhm as a phost le cúnamh a thabhairt do lucht na Frithbheartaíochta, ag seachadadh litreacha chucu ó Londain agus ar ais, mar shampla. Ghoid sé leabhair chóid a bhí in úsáid ag fórsaí an rialtais Vichy, a bhí ag comhoibriú leis na Gearmánaigh.
Gabhadh Debeaumarché agus ceistíodh é chomh dian sin gur thit a mhothú. Níor ainmnigh sé aon duine dá chomhghleacaihe, áfach. Tar éis tamaill ag obair i ngéibhinn sa Fhrainc, daoradh chun báis é.
Sheoladh Debeaumarché chuig Campa Bergen-Belsen. Níor cuireadh an breithiúnas i ngnímh agus d'éirigh leis é féin a choimeád beo go dtí teacht fhórsaí na gComhghuaillí chuig an gcampa.