Dordghiotár
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is téaduirlis é an dordghiotár. Tá sé cosúil le giotár, ach tá an gléas agus a chuid téide níos mó, le fuaim níos ísle. Sa phopcheol agus rac-cheol ó na 1950idí ar aghaidh, is é an dord an leath eile den lucht rithime - ag obair go cóngarach leis na drumaí - a chuireann bunús amhrán le chéile do na ceoltóirí eile.
Fíricí Gasta Cineál, Aicmiú Hornbostel-Sachs ...
Cineál | dord agus giotár |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 513 |
Raon seinm | |
Nóta is ísle | C♯ agus D |
Gairm ealaíonta | dordghiotáraí |
Dún
Is minic atá 4 shreang ar an dord, atá tiúnta i gceathrú cosúil leis na chéad cheithre shreang ar an ngnáth-ghiotár ach sa chéad ochtach níos ísle. Is iad ainmneacha na sreanga seo E A D agus G. Ach úsáidtear uimhreacha difriúla sreanga ag dordghiotáraí nuair a bhíonn réimse níos mó nó fuaim éagsúil ag teastáil.