Diana Rigg
ban-aisteoir Briotanach (1938-2020) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ban-aisteoir Sasanach is ea Dame Enid Diana Elizabeth Rigg DBE ar rugadh ar 20 Iúil 1938. Aithnítear í go háirithe as a ról mar Emma Peel ar The Avengers agus mar Teresa di Vicenzo sa scannán James Bond On Her Majesty's Secret Service 1969. Ón bhliain 2013 i leith, tá páirt mar Lady Olenna Tyrell aici sa tsraith HBO Game of Thrones.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún
Rugadh in Doncaster, atá in Yorkshire Theas inniu, sa bhliain 1938. Ó bhí sí 8 mí d'aois go raibh 8 mbliana slánaithe aice bhí cónaí uirthi in Bikaner, san India, mar a raibh a hathair ag obair mar fheidhmeannach iarnróid. Ba í an Hiondúis an dara teanga aici. Ar ais i Sasana di d'fhreastail sí ar scoil chónaithe Mhorávach. Oileadh í mar aisteoir sa Royal Academy of Dramatic Art sna blianta 1955–57.