Cumann Naomh Uinseann de Pól (carthanacht)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is carthanacht Cumann Naomh Uinseann de Pól (Society of Saint Vincent de Paul nó SSVP), a bunaíodh i bPáras ar 23 Aibreán 1833, agus tá an Cumann ag cuidiú le daoine i gcruachas ó shin.
Fíricí Gasta Ainmnithe in ómós, Sonraí ...
Ainmnithe in ómós | Naomh Uinseann de Pól |
---|---|
Sonraí | |
Cineál | eagraíocht shaorálach ord crábhaidh carthanas international association of the faithful (en) |
Réimse oibre | daonchairdeas, carthanacht agus welfare (en) |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 23 Aibreán 1833 |
Bunaitheoir(í) | Frédéric Ozanam agus Emmanuel Bailly |
Rialachas corparáideach | |
Fochomhlacht | |
Suíomh gréasáin | ssvpglobal.org… |
Dún
Inniu cuireann an Cumann réimse leathan seirbhísí ar fáil ar fud an domhain.[1] Mar shampla, cuidíonn an Cumann ní amháin le bia agus teas a chur ar fáil do dhaoine ach le hoideachas fosta ón bhunscoill fríd go dtí oideachas tríú leibhéal.[2] Tá tithe agus brúanna óige fud fad na tíre acu chomh maith (do dhaoine atá gan dídean). Soláthraíonn an Cumann lóistín saoire do dhaoine atá ar an ghannchuid.
Tá an Cumann le cuidiú le hachan duine, gan leithcheal, agus tacú le daoine in aon bhealach agus is féidir leo.[3]