Hormón stéaróideach a fhaightear i gcoirtéis aidréineach veirteabrach. Tugtar hidreacortasón air freisin. I mamaigh áirithe (daoine is madraí, mar shampla) is é seo an príomh-hormón glúcacortacóideach. Cuireann sé tiontú próitéine is saille go dtí glúcós ar aghaidh, agus cabhraíonn go mór le frithsheasamh na colainne i gcoinne struis fhisiciúil nó shíceolaíoch, i ndiaidh tráma go háirithe. Rialaítear a shintéis is a thál ag an hormón aidréineacortacatrófach den chuid is mó.[1]