Conradh na Róimhe
From Wikipedia, the free encyclopedia
Conradh a síníodh i gcathair na Róimhe ar an 25 Márta 1957 is ea an Conradh lena mbunaítear Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE), nó Conradh na Róimhe mar is fearr aithne air. Shínigh sé thír an conradh seo: an Bheilg, an Fhrainc, An Ghearmáin (Poblacht Chónaidhme na Gearmáine), an Ísiltír, an Iodáil agus Lucsamburg[1].
Cineál | constitutive treaty (en) treaty of the European Union (en) |
---|---|
Dáta na bliana | 25 Márta 1957 |
Teacht i bhfeidhm | 1 Eanáir 1958 |
Sínitheoir | |
Ar an lá céanna, shínigh na tíortha céanna Conradh Euratom. Le Conradh na Róimhe agus Conradh Euratom bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Comhphobal Eorpach um Fhuinneamh Adamhach faoi seach.
Nuair a tháinig an Conradh i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 1958, chuir an CEE tús leis an Margadh aonair Eorpach agus leag sé bunphrionsabail an Chomhbheartais Talmhaíochta amach, comhbheartas a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 1962.