Conn Bacach mac Cuinn Ó Néill
1ú Iarla Thír Eoghain / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba thaoiseach é Conn Bacach mac Cuinn Ó Néill, 1ú Iarla Thír Eoghain (Béarla:Conn O'Neill, 1st Earl of Tyrone), (c. 1480-1559), ar an tiarnas Gaelach is mó agus is cumhachtaí in Éirinn. Sa bhliain 1541 thaisteal Ó Néill go Sasana chun géilleadh don rí Anraí VIII, mar chuid den pholasaí géilleadh agus athbhronnadh, ag an am céanna a cruthaíodh Ríocht na hÉireann.Bronnadh an teideal 'Iarla Thír Eoghain' air, ach chuir aighneas foréigneach comharbais as a phleananna chun an teideal agus na tailte a thabhairt chuig a chomharba roghnaithe Feardorcha (Béarla: Matthew), rud a d’fhág go raibh mac eile, Seán, in ann teacht chun cinn go buaiteach.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1480 (Féilire Ghréagóra) Ríoghacht Éireann |
Bás | 1559 (Féilire Ghréagóra) 78/79 bliana d'aois Cúige Uladh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Tréimhse ama | Glúin an 16ú aois agus glúin an 15ú aois |
Eile | |
Teideal uasal | Iarla Thír Eoghain |
Céile | Sarah O'Neill (en) unknown daughter O'Byrne (en) Mary McDonnell (en) (1538 (Féilire Ghréagóra)–) |
Páirtí | Alison Kelly |
Páiste | Seán Ó Néill ( unknown daughter O'Byrne (en) ) Anraí Óg Ó Néill ( Mary McDonnell (en) ) Conn Ó Néill ( Mary McDonnell (en) ) Féilim Caoch Ó Neill ( unknown daughter O'Byrne (en) ) Matthew O'Neill ( Alison Kelly) Máire Ní Néill ( unknown daughter O'Byrne (en) ) |
Athair | Conn mac Énri agus An Bhantiarna Eleanor FitzGerald |
Siblín | Art Óg Ó Néill |
Tháinig a gharmhac Aodh Ó Néill i gcomharbacht air mar Iarla sa deireadh agus tháinig sé chun bheith ina cheannaire ar ríshliocht Uí Néill. Lean Aodh le comhghuaillíocht a sheanathar leis an gCoróin go dtí gur thit cumhacht na dtiarnaí Gaelacha i gCúige Uladh mar thoradh ar a cheannaireacht i gCogadh na Naoi mBliana agus Imeacht na nIarlaí ina dhiaidh sin.