Cogadh Cathartha na hÉireann
From Wikipedia, the free encyclopedia
B'é síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh a chuir tús leis an gcoimhlint ar a dtugtar Cogadh Cathartha na hÉireann, nó Cogadh na gCarad.[1][2][3]
Cineál | cogadh cathartha |
---|---|
Dáta | 28 Meitheamh 1922 |
Áit | Saorstát Éireann |
Tír | Éire |
B'fhéidir go bhfuair 1,500 bás idir Meitheamh 1922-Bealtaine 1923 mar gheall ar an troid.[4] Ba bhinbeach agus b’fhuilteach an tréimhse í.[5]
Bhí cuid d'Óglaigh na hÉireann barúlach nach bhfágfadh an conradh a dóthain neamhspleáchais ag Éirinn. Go háirithe, ní raibh siad sásta leis an móid dílseachta a chaithfeadh feisirí na parlaiminte neamhspleáiche - na Teachtaí Dála, mar a thabharfaí orthu feasta - a mhionnú do rí agus do choróin na Breataine Móire.
Thairis sin, ní raibh siad sásta sé chontae san oirthuaisceart a chailleadh, siúd is nach raibh an cheist seo leath chomh tábhachtach ag an am sin ná mar atá sí lenár linn féin.[6]
Tháinig scoilt mhór ar an tír de dheasca na coimhlinte seo, agus i ndiaidh an chogaidh féin, mhair an ghoimh beo ar feadh i bhfad. Is iad dhá thaobh an chogaidh seo is bunús le dhá phríomhpháirtí polaitíochta traidisiúnta na hÉireann, Fianna Fáil agus Fine Gael. Chomh maith leis sin, rinneadh a lán damáiste do bhonneagar an stáit, rud a chuir go mór mór isteach ar thógáil agus ar atógáil na tíre nua - Saorstát Éireann - i ndiaidh an chogaidh.[7]