Cogadh Cathartha na Fionlainne
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cogadh ab ea Cogadh Cathartha na Fionlainne a fearadh san Fhionlainn idir trúpaí Sheanad na Fionlainne (arbh ionann é agus rialtas na Fionlainne san am) agus gardaí Thoscaireacht Pobail na Fionlainne idir an 27 Eanáir agus an 15 Bealtaine 1918.
Cogadh Cathartha na Fionlainne | |||
Dáta: | 27 Eanáir – 15 Bealtaine 1918 | ||
Áit: | An Fhionlainn | ||
Toradh: | Bua leis na Gardaí Bána. Deireadh le rialtas na Rúise san Fhionlainn. Ceannasaíocht na Gearmáine go Nollaig 1918. | ||
Céilí comhraic | |||
| |||
Ceannasaithe | |||
| |||
Slua | |||
| |||
Taismigh | |||
|
San Fhionlainnis, sisällissota nó kansalaissota a thugtar air; úsáideann lucht na heite deise an t-ainm vapaussota nó "Cogadh na Saoirse", agus d'fheicfeá an leagan luokkasota nó "Cogadh na nAicmí" ag scríbhneoirí ón eite chlé (uaireanta, baintear leas as na leaganacha vuoden 1918 sota, cogadh na bliana 1918, nó vuoden 1918 tapahtumat, imeachtaí na bliana 1918).
Thugtaí "na Dearga" nó "na Gardaí Dearga" ar thrúpaí na Toscaireachta Pobail, agus b'iad "na Bána" nó "na Gardaí Bána" díormaí an tSeanaid. Fuair na Dearga tacaíocht ón Rúis Shóivéadach, agus tháinig Arm Impireacht na Gearmáine chun fortachta do na Bána. Bhí roinnt óglach ón tSualainn ag cuidiú leis na Bána fosta.
Bhí Cogadh Cathartha na Fionlainne fite fuaite leis an ngéarchéim uile-Eorpach san am céanna, is é sin, timpeall ar dheireadh an Chéad Chogadh Domhanda. De dheasca an chogaidh, thit an tóin as Impireacht na Rúise, agus thosaigh na fórsaí polaitiúla éagsúla ag troid faoin gcumhacht. San Fhionlainn, chuaigh scoilt tríd an náisiún chomh maith, agus dá thoradh sin, tháinig dhá lárionad cumhachta ar an bhfód, agus a chuid trúpaí armtha ag an dá cheann acu. Sa deireadh, phléasc cogadh amach idir na Bána is na Dearga nuair a bhí Mí Eanáir 1918 ag druidim chun deireanais.
I ndeireadh an chogaidh, b'iad na Bána a bhris an cath ar na Dearga. Scaoil an Rúis a greim den Fhionlainn, ach ansin, fágadh an tír faoi smacht na Gearmáine go deireadh an chogaidh. Nuair a chaill an Ghearmáin an cogadh, chuaigh neamhspleáchas na Fionlainne i bhfeidhm faoi dheireadh, ach faoi bhrú na gcumhachtaí móra in Iarthar na hEorpa, chaithfeadh na Fionlannaigh poblacht dhaonlathach a ghairm dá dtír. Roimhe sin, bhí sé socraithe cheana féin go gcorónófaí an prionsa Gearmánach Friedrich Karl von Hessen-Kassel ina rí ar an tír. B'éigean don phrionsa a ríocht a thabhairt suas, áfach, ó nár éirigh leis an nGearmáin an Chéad Chogadh Domhanda a bhuachan.
Is é an Cogadh Cathartha an tréimhse is mó conspóide i stair na Fionlainne, agus d'fhág sé goimh ar an tír agus ar an tsochaí a bhí i bhfad ag goilliúint ar na Fionlannaigh.
Mar is gnách i gcogadh cathartha, rinne lucht leanúna an dá thaobh a lán ainghníomhartha coiriúla. Le linn an chogaidh agus ina dhiaidh, caitheadh na céadta duine i dtóin phríosúin ar an tsiocair go raibh baint éigin acu leis na Dearga. Fuair timpeall ar thríocha seacht míle duine bás sa chogadh. Triúr as gach ceathrar, ba Dearga iad, agus bhásaigh an chuid is mó acu sna campaí géibhinn i ndiaidh an chogaidh, murar maraíodh scun scan iad tar éis dóibh iad féin a ghéilleadh do na Bána. Le linn thréimhse an sceimhle, dúnmharaíodh cuid mhaith Bána, chomh maith le Rúisigh a bhí ag cur fúthu sa tír. An chuid eile de na mairbh, fuair siad bás i bpáirc an áir.