Clíomeolaíocht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is Clíomeolaíocht ann (ón Ghréigis κλίμα, klima, "áit, crios"; agus -λογία, -logia "míniúchán") ná an eolaíocht a bhaineann le staidéar ar an aeráid, agus sainmhínítear aeráid go heolaíoch mar staid na haimsire ar an mheán thar thréimhse ama.[1]. Breathnaítear ar an réimse nua-aimseartha staidéir seo mar bhrainse de na eolaíochtaí atmaisféaracha agus mar fhoréimse den tíreolaíocht fhisiceach, atá ar cheann de na domhaneolaíochtaí. I láthair na huaire, cuimsíonn an chlíomeolaíocht gnéithe de aigéaneolaíocht agus an bhithgheoiceimic. Is féidir buneolas ar an aeráide a úsáid i gcomhair réamhaisnéisí aimsire gearrthéarmacha ag baint tairbhe as teicnící analógacha, a leithéid agus ; El Niño-Ascalú Deisceartach (ENAD), Ascalú Madden–Julian (AMJ), Ascalú an Atlantaigh Thuaidh (AAT), Innéacs Tuaisceart an Aigéin Chiúin (ITAC), Ascalú Deichbhliantúil an Aigéin Chiúin (ADAC), agus Ascalú Idirdeichbhliantúil an Aigéin Chiúin (AIAC). Baintear úsáid as múnlaí aeráide le haghaidh críocha éagsúla ó staidéar a dhéanamh ar dhinimic na haimsire agus an chlíoma, chun réamh-mheastacháin aeráide sa todhchaí a dhéanamh.