Cillscannán
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cillscannán (ar a dtugtar freisin scannán an chíteaplasma nó membrane cítoplasmice, agus dá ngairtear an plasmaileime go stairiúil) is ea an scannán bitheolaíoch a scarann an taobh istigh de gach cill ón timpeallacht lasmuigh (an spás eachtarcheallach).[1][2] Is éard atá ann ná déchiseal lipidí le próitéiní leabaithe ann. Is é bunfheidhm an chllscannáin ná an chill a chosaint óna timpeallacht. Rialaíonn an cillscannán cén substaintí ( leithéidí íanna agus móilíní orgánacha) a thagann isteach is amach tríd an chill. [3] Ar an mbealach seo feidhmíonn an scannán mar bhac leath-tréscaoilteach.
Ina theannta sin, bíonn cillscannáin páirteach i bpróisis cheallacha éagsúla, mar shampla cillghreamú, seoltacht ianach agus cill chomharthaíocht agus feidhmíonn siad mar dhromchla ceangail le haghaidh roinnt struchtúr eachtarcheallach, lena n-áirítear an cillbhalla, an ciseal carbaihiodráite a dtugtar gliceacailís uirthi, agus an líonra incheallach de shnáithíní próitéine ar a dtugtar anchítichreatlach. I réimse na bitheolaíochta sintéiseacha, is féidir cillscannáin a athchóimeáil go saorga.[4][5][6]