Ceimiceáin talmhaíochta
From Wikipedia, the free encyclopedia
Táirgí an tionscail cheimicigh a úsáidtear i gcúrsaí talmhaíochta. Ina measc tá leasuithe neamhorgánacha, feithidicídí, luibhicídí, cógais ainmhithe is eile. De bhrí go mbíonn baol ann go bhfaighidh na hábhair seo bealach isteach i mbia daoine, tá imní ag fás mar gheall ar a n-úsáid fhlúirseach. Mar fhreagairt, tá talmhaíocht orgánach ag teacht chun cinn go mall le glúin anuas.[1]