Cath na Bóinne
From Wikipedia, the free encyclopedia
Troideadh Cath na Bóinne sa bhliain 1690, agus tá sé ar na cathanna is mó a troideadh riamh in Éirinn.
Fíricí Gasta Cogadh an Dá Rí, Cineál ...
Cogadh an Dá Rí | |
---|---|
Cineál | cath |
Dáta | 11 Iúil 1690 agus 1 Iúil 1690 (Iúlach) |
Comhordanáidí | 53.7231°N 6.4236°W / 53.7231; -6.4236 |
Áit | Droichead Átha |
Tír | Éire |
Rannpháirtithe | Ríocht Shasana, Na Seacaibítigh, Ríocht na hAlban, An Fhrainc agus Poblacht na Seacht nDúiche Aontaithe |
Dún
Sa bhliain 1660 tháinig Rí Séarlas II Shasana i gcoróin, tar éis ré Chromail. Bhíothas i ndiaidh an chuid is mó d'Éirinn a chur i seilbh tiarnaí talún Protastúnacha faoin am seo. Tháinig an Rí Séamus II Shasana i réimeas i 1685, rí a raibh cáil an Chaitliceachais air, ach trí bliana dár gcionn tháinig Liam Oráiste i dtír i Sasana, tar éis dó cuireadh a fháil ón bParlaimint glacadh le coróin Shasana. I 1689 tháinig an Rí Séamus go hÉirinn.