Bróimíd airgid
Comhdhúil cheimiceach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Salann bog, buíbhán, uisce-dothuaslagtha is ea bróimíd airgid (AgBr) a bhfuil cáil uirthi (maille le hailídí airgid eile) as a híogaireacht neamhghnách i leith an tsolais. Lig an t-airí seo do na hailídí airgid bheith ina mbunús do bhunábhair ghrianghrafadóireachta nua-aimseartha.[1]
Fíricí Gasta Substaint cheimiceach, Mais mhóilíneach ...
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 185.823 Da |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | AgBr |
SMILES canónta | Model 2D Br[Ag] |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Pointe leáite | 432 °C |
Fiuchphointe | 1,502 °C (a 101.325 kPa) |
Dún
Baintear úsáid as AgBr go forleathan i scannáin ghrianghrafadóireachta. Faightear an salann go nádúrtha mar an mhianra brómairgirít (brómairít)