Blàr Sliabh a' Chlamhain
From Wikipedia, the free encyclopedia
B'é Blàr Shliabh a' Chlamhain an choinbhleacht is suntasaí a tharla le linn Dara Éirí Amach na Seacaibíteach. Troideadh an cath ar an 21 Meán Fómhair 1745. Bhain arm na Seacaibíteach, a bhí dílis do mhac Rí Séamuis II, sé sin an prionsa Séamus Proinsias Éadbhard Stiúbhart, an bua amach ar arm Sheoirse II na Breataine Móire, faoi cheannas An ginearál Iain Cope. Thugtaí 'Cath Gladsmuir' air ar dtús ach troideadh an cath ar Sliabh a' Chlamhain, Lodainn an Ear, ar teorainneacha an bhaile le Tranant Cùl Choinnich. D'éirigh le na Seacaibítigh cliathán trúpaí an Rialtais a scothadh. Bhí an mheanma go hard i gcampa na Seacaibíteach i ndiaidh an bhua seo agus d'úsáideadh é mar bholscaireacht pholaitíochta.
Fíricí Gasta Cineál, Cuid de ...
| ||||
Cineál | cath | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Jacobite risings (en) | |||
Dáta na bliana | 21 Meán Fómhair 1745 | |||
Suíomh | Dún Éideann, Scotland Prestonpans, Scotland | |||
Tír | Ríocht na Breataine Móire | |||
Rannpháirtí | ||||
Dún