Barbra Streisand
amhránaí agus ban-aisteoir Meiriceánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ceoltóir pop agus ban-aisteoir Hollywood í Barbra Joan Streisand (24 Aibreán, 1942, Brooklyn, Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithe).
Dar le RIAA, is í Streisand duine de na ceoltóirí is rathúla ar an domhan, le níos mó ná 150 milliúin albaim díolta aici. Tá Tony, Grammy, Emmy agus Oscar bainte aici, éacht a tharlaíonn go h-an annamh.
Thosaigh sí a réim trí bheith ag canadh i gclubanna oíche agus amharclanna Broadway go luath sna seascaidí. Tar éis di bheith ina haoi ar roinnt clár teilifíse, shínigh sí le Columbia Records, agus foilsíodh an chéad albam uaithi, 'The Barbara Streisand Album' (Albam Barbara Streisand) i 1963. Bhuaigh an t-albam dhá Ghradam Grammy, Grammy na Bliana san áireamh.
Ag deireadh na seascaidí, agus í faoi lánréim mar amhránaí, bhog sí i dtreo na scannánaíochta. Bhí sí ina réalt sa scannán Funny Girls, a bhí gáir mór leis, agus bhuaigh sí Gradam an Acadaimh dá ról ann. Le scaoileadh 'Yentl' (1983) tharla sé gurb í an chéad bhean chun scannán ó stiúideo mór a scríobh, a dhéanamh, a stiúriú agus a bheith ina príomhaisteoir ann.
I measc a duaiseanna éagsúla tá dhá Ghradam Acadaimh, deich nGradam Grammy, cúig Ghradam Emmy, ceithre Ghradam Peabody, Bonn na Saoirse agus naoi Golden Globes.