Bairnéad
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is bairnéad ann, nó banbhairnéad más bean atá i gceist, (Béarla: baron, baronetess) ná duine a bhfuil bairnéadacht acu, teideal a bhronnas an Choróin sa Ríocht Aontaithe agus a bhronnadh an Choróin i Sasana, in Éirinn, sa mBreatain Mhór agus in Albain Nua. Feictear tagairtí don teideal chomh fada siar leis an 14ú haois ach cruthaíodh córas na mbairnéadachtaí atá ann faoi láthair i réimeas Séamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus Éire le tuilleadh ioncaim a thabhairt isteach don Choróin.
Tugtar "sir" ar bhairnéid, amhail ridirí, agus "dame" ar bhanbhairnéid. Tá bairnéadachtaí ar an aon chineál onóra oidhreachtúla sa Ríocht Aontaithe nach meastar tiarnas ceart a bheith iontu.