Baile an Mhóta (Sligeach)
baile i gContae Shligigh / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is baile margaidh é Baile an Mhóta[1] (Ballymote as Béarla), atá suite i ndeisceart Chontae Shligigh.[2] Tá an baile fós ag fás. Is baile stairiúil é, le Caisleán Baile an Mhóta, a thóg Risteard Óg de Burgh sa bhliain 1300. Deirtear go raibh Leabhair Bhaile an Mhóta scríofa istigh ann.
Tá níos mó ná áit amháin darb ainm “Baile an Mhóta” in Éirinn. Féach Baile an Mhóta.
Fíricí Gasta Suíomh, Tíreolaíocht ...
Baile an Mhóta | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae Shligigh | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 76 m | |||
Logainm.ie | 1416770 |
Dún
Tá Baile an Mhóta lonnaithe ar na bóithre réigiúnacha R293, R295 agus R296, agus ar an iarnród ó Bhaile Átha Cliath go Sligeach.
D'oscail méara Nua-Eabhrac Michael Bloomberg Séadchomhartha Náisiúnta na hÉireann i gcuimhneachán na "Fighting 69th" i mBaile an Mhóta ar an 22 Lúnasa 2006.