Ba aisteoir Briotanach í Audrey Hepburn (4 Bealtaine 1929 - 20 Eanáir 1993). Rugadh in Ixelles na Beilge í, agus chaith sí a hóige sa tír úd, san Ísiltír, agus i Londain Shasana sular thug sí aghaidh ar na Stáit Aontaithe. D'fhreastail sí ar scoil chónaithe i Sasana agus saoránach Briotanach a bhí inti. Ba mhinic í gléasta in éadaigh deartha ag Hubert de Givenchy ina cuid scannán. Fuair sí bás de bharr ailse ina teach féin san Eilvéis.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Audrey Hepburn |
|
Breith | (en) Audrey Kathleen Ruston 4 Bealtaine 1929 Rue Keyenveld - Keienveldstraat (an Bheilg) |
---|
Bás | 20 Eanáir 1993 63 bliana d'aois Tolochenaz, An Eilvéis |
---|
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse cholaireictach) |
---|
Áit adhlactha | Cemetery of Tolochenaz (en) |
---|
|
|
Ambasadóir Dea-mhéine CÉINAL |
---|
|
|
1988 – 1993 |
|
|
|
Ainm cleite | Edda van Heemstra |
---|
Teanga dhúchais | an Ollainnis |
---|
Dathán gruaige | Gruaig dhonn |
---|
|
Réimse oibre | Aisteoireacht, aisteoireacht scannáin agus gníomhaireacht chabhrach |
---|
Suíomh oibre | An Ríocht Aontaithe |
---|
Gairm | aisteoir stáitse, damhsóir, damhsóir bailé, ban-aisteoir, daonchara, mainicín, aisteoir scannáin, daonnúlach |
---|
Tréimhse oibre | 1948 – 1989 |
---|
Fostóir | UNICEF |
---|
Mac/iníon léinn de chuid | Constance Collier, Sonia Gaskell, Marie Rambert agus Felix Aylmer |
---|
Teangacha | Béarla, an Ollainnis agus an Fhraincis |
---|
|
Saothar suntasach |
|
Céile | Mel Ferrer (1954–1968), colscaradh Andrea Dotti (1969–1982), colscaradh |
---|
Páirtí | Robert Wolders (1980–1993) |
---|
Páiste | Sean Hepburn Ferrer ( Mel Ferrer) Luca Dotti ( Andrea Dotti) |
---|
Athair | Joseph Victor Anthony Hepburn-Ruston agus Ella van Heemstra |
---|
Siblín | Arnoud Quarles van Ufford agus Ian Quarles van Ufford |
---|
Gradam a fuarthas |
|
|
|
|
Dún
Mar gheall ar phost a hathair le comhlacht árachais Sasanach, thaistil an teaghlach sách minic idir an Bheilg, an Ísiltír, agus Sasana. Ó 1935 go 1939, d’fhreastail Hepburn ar Miss Rigden's School, scoil neamhspleách do chailíní in Elham, Kent, in oirdheisceart Shasana. Chaith sí tréimhse an Dara Cogadh Domhanda san Ísiltír, mar a bhfaca sí carráistí traenach lán de Ghiúdaigh ar a mbealach go dtí na campaí géibhinn.