Atáirgeadh éighnéasach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Atáirgeadh éighnéasach[1] a thugtar ar an chineál atáirgthe nuair nach mbíonn ach orgánach amháin ann chun é féin a atáirgeadh. Mar sin, ní bhíonn ach tuismitheoir amháin i gceist leis an mbealach atáirgthe áirithe seo, agus ní bhíonn gaiméití i gceist ach oiread. Is annamh, a n-athraítear uimhir na gcrómasóm. Atáirgeadh éighnéasach is ea an phríomhchineál atáirgthe le haghaidh orgánach aoncheallach macasamhail archaea agus baictéir. Uaireanta síolraíonn go leor plandaí agus fungas go héighnéasach.
Cé go síolraíonn na prócaróit go léir gan gaiméití a chruthú agus a chomhtháthú, is féidir meicníochtaí le haghaidh aistrithe chothrománacha géine, mar shampla, comhchuingiú, trasfhoirmiú agus trasduchtú a shamhlú le hatáirgeadh gnéasach, sa chiall athchuingir ghéiniteach le linn na méóise.[2] Is annamh a tharlaíonn easpa iomlán atáirgthe ghnéasaigh sna horgánaigh ilcheallacha, ach go háirithe i measc na n-ainmhithe. Ní thuigtear go hiomlán cén fáth go bhfuil cumas atáirgthe ghnéasaigh chomh coitianta ina measc. Tugann hipitéisí reatha le fios go bhféadfadh sochair ghearrthéarmacha a bheith ag atáirgeadh éighnéasach, nuair a bhíonn fás tapa an daonra tábhachtach nó i dtimpeallachtaí cobhsaí, bíodh is go n-ofrálann an t-atáirgeadh gnéasach glanbhuntáiste trí ghiniúint níos gasta d'éagsúlacht ghéiniteach a cheadú, rud a thugann deis d'oiriúnú na dtimpeallachtaí atá ag athrú. D'fhéadfadh sriantachtaí forbraíochta [3] a bheith mar bhunús leis an bhfáth nár éirigh mórán ainmhithe as an t-atáirgeadh gnéasach go hiomlán ina saolréanna. Bheadh caillteanas coimhdeachtach na méóise agus an cóiriú cosantach aththeaglamach ar ADN damáistithe a thugtar mar fheidhm amháin na méóise, ina laincis eile in aghaidh an athraithe ón t-atáirgeadh gnéasach go héighnéasach.[4][5]