André Michel Lwoff
micribhitheolaí Francach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Micribhitheolaí a rugadh in Ainy-le-Château na Fraince ab ea André Michel Lwoff (1902-1994). Ina thaighde ar an ngéinitic thaispeáin sé conas a thagann víreas báictéir (baictéarafagach) le bheith ina chuid de chrómasóm an bhaictéir nuair a théann sé isteach sa chill bhaictéarach, a roinneann sé le crómasóm an bhaictéir, agus a chosnaíonn an baictéar i gcoinne aon ionsaí eile ón mbaictéarafagach sin. Ba shuntasach na torthaí seo don taighde ar fhrithsheasmhacht i gcoinne frithbheathach agus ar ailse. Roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1965 le Jacques Monod is François Jacob.[1]
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Dún