An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Fuair an tAcht um Rialtas na hÉireann (1920) aontú an rí ar 23 Nollaig 1920 agus chuir rialtas na Breataine an tAcht i bhfeidhm ar 3 Bealtaine 1921.[1] Bhí an tAcht bunaithe ar an Tríú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann (1914). Reachtaíodh é le cur leis an ngealltanas a bhí tugtha ag Rialtas na Breataine le fada Rialtas Dúchais a bhronnadh ar Éirinn, tar éis an Chéad Chogadh Domhanda.
Cineál | Public General Act of the Parliament of the United Kingdom (en) |
---|---|
Dáta na bliana | 1920 |
Fógairt | 23 Nollaig 1920 , Parlaimint na Ríochta Aontaithe |
Dáta foilsithe | 1920 |
Tír | an Ríocht Aontaithe |
Obair iomlán ar fáil ag URL | bailii.org… |
Bhí an tAcht bunaithe ar an tuiscint a bhí ag David Lloyd George agus Walter Long (ceannaire na nAontachtóirí i gCúige Uladh) ar pholaitíocht na hÉireann roimh an gcogadh. Ach idir an dá linn, d'athraigh cúrsaí in Éirinn.
Bhí na Náisiúnaithe Éireannacha ag éileamh neamhspleáchais agus Poblachta faoin am seo. B'iad Sinn Féin an páirtí ba láidre in Éirinn, agus ní ghabhfaidís leor le Rialtas Dúchais de réir an tsean-sainmhínithe. Mar sin, i Nollaig 1920, nuair a ritheadh an bille i Westminster, bhí sé glan as dáta cheana féin.