An Mhandairínis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is grúpa canúintí í an Mhandairínis nó Guānhuà (teanga na státseirbhíseach), Běifānghuà (canúint an Tuaiscirt). Ar an Mandairínis atá an tSínis chaighdeánach bunaithe. Labhraítear na canúintí seo ar fud thuaisceart na Síne, agus is féidir difríochtaí suntasacha a aithint idir na fo-chanúintí éagsúla. Is í caint na príomhchathrach is bunús leis an gcaighdeán, ach is leagan saibhrithe den chanúint sin é, agus tionchar na Sínise Clasaicí le haithint air freisin.
Cineál | teanga |
---|---|
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 918,000,000 (2019) |
Á labhairt | Hong Cong agus Macau |
Dúchasach do | Guangxi, Guizhou, Hubei, Hunan, Jiangsu, Jiangxi, Sichuan, Yunnan, Béising, Chongqing, Tianjin, Hebei, Henan, Anhui, Shandong, Shanxi, Shaanxi, Ningxia, Gansu, Jilin, Heilongjiang, Liaoning, An Ion-Mhongóil, Qinghai agus Xinjiang |
Stáit | Brúiné Dárasalám, Daon-Phoblacht na Síne, an Téaváin, an Indinéis, an Mhalaeisia, Na hOileáin Fhilipíneacha agus Singeapór |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Sín-Astrainéiseacha teangacha Sín-Tibéadacha An tSínis | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | sinograms (en) |
Cóid | |
ISO 639-3 | cmn |
Glottolog | mand1415 |
Linguasphere | 79-AAA-b |
Ethnologue | cmn |
ASCL | 7104 |
IETF | cmn |
Tá Mandairínis ag breis is 1.3 billiún duine (885 milliún ó dhúchas).
Cineál Mandairínise atá i gceist leis an Dungáinis freisin. Teanga chaighdeánaithe ar leith í agus í á scríobh leis na litreacha Coireallacha cosúil leis an Rúisis. Labhraítear an Dungáinis sa Chirgeastáin agus sa Chasacstáin, agus Moslamaigh iad lucht a labhartha. An cineál Sínise atá i gceist leis an Dungáinis is ionann é go bunúsach agus an leagan den Mhandairínis a chloisfeá sa dá chúige úd Shaanxi agus Gansu sa tSín féin. Is léir áfach go bhfuair an Dungáinis a lán focal ar iasacht ón Rúisis i mblianta an tSóivéadachais.
Is iad na fochanúintí is tábhachtaí a aithnítear ná:
- Mandairínis an Oirthuaiscirt, an cineál Mandairínise a labhraítear sa Mhanchúir. Tá sí sách cóngarach don teanga chaighdeánach.
- Mandairínis Beijing, agus an cineál Mandairínise a labhraítear timpeall na príomhchathrach: canúintí Chengde agus Hebei mar shampla. Is í seo an chanúint is cóngaraí don chaighdeán. Labhraítear canúintí cosúla ina lán áiteanna eile de thoradh na himirce inmheánaí. An chanúint a chloistear i dtuaisceart Xinjiang mar shampla tá sí an-chosúil le Sínis Beijing.
- Canúint Ji-Lu. Canúint í seo a labhraítear i Hebei agus Shandong. i gcathair Tianjin mar shampla. Is féidir a lán difríochtaí a aithint idir í agus Sínis Beijing, agus bíonn sé deacair ag muintir Beijing an chanúint seo a thuiscint.
- Canúint Jiao-Liao, nó canúint an dá leithinis - Jiaodong agus Liaodong. Níl sí chomh dothuigthe ag muintir Beijing agus canúint Ji-Lu, ach mar sin is canúint ar leith í. Seo í an chanúint a chloisfeá i Weihai (Port Edward, mar a thugadh muintir an Iarthair ar an áit fadó) agus i Lüshun-Dalian (Port Arthur).
- Canúint Zhongyuan, nó canúint an Mhachaire Láir. Leis an bhfochanúint seo a bhaineann an Dungáinis. Labhraítear na canúintí seo i Henan, i lár Shaanxi agus i ndeisceart Xinjiang.
- Canúint Lan-Yin. Labhraítear in Gansu agus i dtuaisceart Xinjiang í.
- Canúint Jiang-Huai. Labhraítear an chanúint seo i Jiangsu, Anhui agus i Nanjing, mar shampla. Tá an chanúint seo cuíosach deacair ag muintir Beijing, ach is é an tionchar láidir ón mórchanúint neamh-Mhandairínise úd Wu is cúis leis an dothuigtheacht sin. Is í canúint Wu an cineál Sínise is mó a shamhlaítear le Shang-hai.
- Mandairínis an Iardheiscirt.