An Gorta Mór
gorta in Éirinn idir 1845 agus 1852 / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é an Drochshaol nó Gorta Mór na hÉireann an gorta a bhuail Éire ón mbliain 1845 ar aghaidh agus a mharaigh is a ruaig as an tír cúpla milliún Éireannach. Tháinig galar dubh – an fungas úd Phytophora infestans – ar na prátaí ar fud na hÉireann, agus bhí formhór na ndaoine bochta i dtuilleamaí an phráta mar bhia, fuair na sluaite acu bás. An t-éag mór seo agus an imirce millteanach a lean é, scrios siad na struchtúir shóisialta a bhí ina gcrann taca don Ghaeilge go dtí sin, agus dá thoradh sin, thosaigh an teanga ag cúlú go dtí nach raibh ach iarsmaí beaga fágtha di sna Gaeltachtaí ar chósta thiar na tíre. Ní raibh na húdaráis fonnmhar bia a sholáthar do lucht an ocrais, rud a mhéadaigh ar an ngéarchéim.
Cineál | gorta |
---|---|
Tréimhse | 1845 - 1852 |
Suíomh | Éire |
Cúis | dúchan prátaí laissez-faire coilíneachas |
Is é an chiall a bhain na náisiúnaithe Éireannacha as an scéal ina dhiaidh sin ná go raibh na Sasanaigh d'aon ogham ag féachaint leis na hÉireannaigh a chur de dhroim an tsaoil. Sin é an tuige gurb iomaí duine a thugann Uileloscadh na nGael ar an Drochshaol freisin. Is dócha, áfach, gur mhó an líon daoine a fuair bás de dheasca ghorta mhór na mblianta 1740 agus 1741 ("Bliain an Áir").