An Dara Lá Déag de mhí Iúil
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ceiliúradh bliantúil de chuid an phobail dhílsigh i dTuaisceart Éireann é an Dara Lá Déag de mhí Iúil. Thosaigh sé ag deireadh an 18ú haois, agus is ceiliúradh ar an Réabhlóid Ghlórmhar (1688) é, agus ar bhua an rí Phrotastúnaigh Liam Oráiste ar an rí Caitliceach Séamas II i gCath na Bóinne (1690), rud a chinntigh an Chinsealacht Phrotastúnach in Éirinn.
Fíricí Gasta Cineál, Lá ...
Cineál | lá saoire |
---|---|
Lá | 12 Iúil |
Suíomh | Tuaisceart Éireann, Ríocht Aontaithe |
Tír | an Ríocht Aontaithe |
Dún