An Chirgisis
teanga Tuircice / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an Chirgisis (кыргызча, قىرعىزچه, kyrgyzcha nó кыргыз тили, قىرعىز تيلى, kyrgyz tili) an teanga stáit a labhraítear sa Chirgeastáin. Teanga Thurcach atá ann, agus í gaolmhar leis na teangacha a labhraítear san Úisbéiceastáin, sa Chasacstáin, sa Tuircméanastáin, san Asarbaiseáin agus sa Tuirc. Is grúpa eitneach Áiseach iad na Cirgeasaigh. Is í an Chirgisis a bpríomhtheanga. Is í an Chirgisis "teanga stáit" na Cirgeastáine, ach san am céanna, is í an Rúisis an "teanga oifigiúil".
Fíricí Gasta Кыргыз тили agus кыргызча, Cineál ...
Кыргыз тили agus кыргызча | |
---|---|
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 4,568,480 (2009) |
Dúchasach do | Xinjiang, an Chirgeastáin agus Gorno-Badakhshan Autonomous Region (en) |
Stáit | Daon-Phoblacht na Síne, an Chirgeastáin agus an Táidsíceastáin |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna Nostraitic teangacha Altaecha teangacha Tuircice Common Turkic (en) Kipchak (en) Kyrgyz–Kipchak (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | Aibítir Choireallach agus aibítir Arabach |
Cóid | |
ISO 639-1 | ky |
ISO 639-2 | kir |
ISO 639-3 | kir |
Glottolog | kirg1245 |
Ethnologue | kir |
IETF | ky |
Dún
Is í an Rúisis an teanga uirbeach sna cathracha sa Chirgeastáin. Ní labhraíonn a lán daoine Cirgeasacha an Chirgisis, i measc na ndaoine óga go háirithe mar is é an Rúisis an phríomhtheanga sna príomhchathracha.