An Chóiréis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is teanga í an Chóiréis a labhraítear sa Chóiré Theas agus sa Chóiré Thuaidh. Tá stádas oifigiúil aici sa dá stát sin. Thairis sin, tá sí le cloisteáil go coitianta i Maoirseacht Fhéinrialaitheach Yanbian sa tSín, áit a bhfuil stádas oifigiúil réigiúnda aici chomh maith leis an tSínis. Glactar leis go bhfuil an Chóiréis á labhairt ag suas le ochtó milliún duine timpeall an domhain, agus is féidir teacht trasna ar phobail diaspóra ina lán poblachtaí iar-Shóivéadacha, san Astráil, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, sa Bhrasaíl, sa tSeapáin, agus, le déanaí, sna hOileáin Fhilipíneacha.
Fíricí Gasta 한국어, 조선말 agus 한국말, Cineál ...
한국어, 조선말 agus 한국말 | |
---|---|
Cineál | teanga nádúrtha agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 77,300,000 (2019) |
Dúchasach do | an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas |
Stáit | an Chóiré Theas, an Chóiré Thuaidh, Daon-Phoblacht na Síne, an tSeapáin, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, an Mhalaeisia agus an Rúis |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha de chuid na hÁise Koreanic (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | Hangul agus Hanja (en) |
Institiúid caighdeánaithe | National Institute of Korean Language (en) |
Staidéar ag | Korean studies (en) |
Leibhéal leochaileachta | 1 sábháilte |
Cóid | |
ISO 639-1 | ko |
ISO 639-2 | kor |
ISO 639-3 | kor |
Glottolog | kore1280 |
Linguasphere | 45-AAA-a |
Ethnologue | kor |
ASCL | 7301 |
IETF | ko |
Dún