Is teanga Ghearmáinice é an Béarla (Béarla: English) nó an Sacs-Bhéarla atá bunaithe ar na canúintí a bhí ag na hAngail agus ag na Sacsanaigh, treibheanna de bhunadh Teotanach a tháinig i dtír sa Bhreatain ag deireadh ré na Rómhánach. Bhí tionchar mór, freisin, ag an Laidin ar an teanga, maille le teangacha eile níos déanaí, mar shampla, an Fhraincis, an Ghréigis agus teangacha éagsúla an domhain, go háirithe iad siúd a bhí á labhairt go forleathan in Impireacht na Breataine.
Fíricí Gasta English, Eapainm ...
An BéarlaEnglish |
---|
|
Eapainm | Sasana |
---|
Cineál | teanga nádúrtha, teanga bheo agus teanga |
---|
|
Cainteoirí dúchais | 379,007,140 (2019) |
---|
Dúchasach do | Sasana |
---|
Stáit | Samó Mheiriceá, Angaíle, Antigua agus Barbúda, Arúba, an Astráil, na Bahámaí, Bairéin, Barbadós, An Bheilís, Beirmiúda, an Bhútáin, an Bhotsuáin, Críoch Aigéan Indiach na Breataine, Oileáin Bhriotanacha na Maighdean, Brúiné, an Chambóid, Camarún, Ceanada, Oileáin Cayman, Oileáin Cook, Doiminice, an Eiritré, an Aetóip, Oileáin Fháclainne, Fidsí, an Ghaimbia, Gána, Giobráltar, Greanáda, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Geansaí, an Ghuáin, an India, Éire, Oileán Mhanann, Iosrael, Iamáice, Geirsí, an Chéinia, Ciribeas, an Liobáin, Leosóta, an Libéir, Madagascar, an Mhaláiv, an Mhalaeisia, Oileáin Mhaildíve, Málta, Oileáin Marshall, Oileán Mhuirís, Stáit Chónaidhme na Micrinéise, Montsarat, an Namaib, Nárú, an Nua-Shéalainn, an Nigéir, Niue, Óman, an Phacastáin, Palau, Nua-Ghuine Phapua, Na hOileáin Fhilipíneacha, Oileáin Pitcairn, Ruanda, San Héilin, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha, San Críostóir-Nimheas, Saint Lucia, Saint-Martin, San Uinseann agus na Greanáidíní, Samó, Na Séiséil, Siarra Leon, Singeapór, Sint Maarten, Oileáin Sholomón, an Afraic Theas, an tSúdáin Theas, Srí Lanca, an tSúdáin, Ríocht Esuaitíní, an Tansáin, Tokelau (en) , Tonga, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Oileáin na dTurcach agus Caicos, Túvalú, Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean, Uganda, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Ríocht Aontaithe, Vanuatú, an tSaimbia agus an tSiombáib |
---|
|
|
|
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Gearmáinice Gearmáinic an Iarthair an Angla-Fhreaslainnis Anglic (en) |
|
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach agus English orthography (en) |
---|
Institiúid caighdeánaithe | luach ar iarraidh |
---|
Staidéar ag | léann Béarla |
---|
Leibhéal leochaileachta | 1 sábháilte |
---|
Stair | history of English (en) |
---|
|
ISO 639-1 | en |
---|
ISO 639-2 | eng |
---|
ISO 639-3 | eng |
---|
Glottolog | stan1293 |
---|
Linguasphere | 52-ABA |
---|
Ethnologue | eng |
---|
ASCL | 1201 |
---|
IETF | en |
---|
Dún
Tá sé ar ceann de na teangacha is forleithne ar domhan inniu, agus labhraítear é mar phríomhtheanga sa Bhreatain Mhór, san Astráil, sa Nua-Shéalainn, i Stáit Aontaithe Mheiriceá, sa chuid is mó de Cheanada, in Éirinn, agus ina lán iarchoilíneachtaí de chuid na Breataine Móire mar phríomhtheanga nó mar theanga chomhchumarsáide.
I gcúrsaí teicneolaíochta, agus i gcuid mhór de na meáin cumarsáide idirnáisiúnta i ré seo an Idirlín, tá buntáiste an Bhéarla ag dul i dtreise, ionas gur féidir a rá inniu gurb é príomhtheanga na meán cumarsáide é.
Ceiliúrann na Náisiún Aontaithe Lá an Bhéarla gach bliain ar an 23 Aibreán[1], chun an teanga a chothú.