Amscála geolaíoch
From Wikipedia, the free encyclopedia
Soláthraíonn an t-amscála geolaíoch córas le haghaidh tomhais chroineolaíocha ina gcuirtear stratagrafaíocht i gcomparáid le tréimhse ama a bhíonn in úsáid ag geolaithe, pailé-ointeolaithe agus domhaneolaithe eile chun cur síos a dhéanamh ar an t-uainiúchán agus an caidreamh idir imeachtaí a tharla le linn stair an Domhain.
Go dtí tús an 19ú céad chreid beagnach gach éinne nach raibh an Domhan ach na mílte bliain d'aois agus a chruth — na sléibhte, na farraigí, na haibhneacha, na hoileáin, na hilchríocha — gan athrú ó thús ama. Ansin d'fhoilsigh an geolaí Albanach Charles Lyell a leabhar Principles of Geology (Prionsabail na Geolaíochta, 1830) inar chuir sé síos ar a choincheap go raibh an Domhan á athrú an t-am ar fad. De réir a chéile glacadh leis an dearcadh seo go forleathan, agus thar na blianta rinne geolaithe staidéar ar na sraitheanna éagsúla carraigeacha is na hiontaisí de neacha beo a bhí stalctha iontu. Ón srathú geolaíoch agus le cabhair dátaithe gheolaíoch, tá na geolaithe tar éis aois iomlán an Domhain, 4,600 milliún bliain, a roinnt ina 4 ré: an ré Réamh-Chaimbriach a lean ar feadh 4,000 milliún bliain, an ré Phailéasóch timpeall 590-250 milliún bliain ó shin, an ré Mhéiseasóch timpeall 250-65 milliún bliain ó shin, agus an ré Chaenasóch ó 65 milliún bliain ó shin go dtí an lá inniu. Fo-roinntear an 3 ré dheireanach seo ina dtréimhsí áirithe freisin. Go ginearálta faightear fianaise an-lag den bheatha, aoncheallach den chuid is mó, sa ré Réamh-Chaimbriach. Sa ré Phailéasóch thosaigh orgánaigh ilcheallacha is éisc ag teacht chun cinn, agus roinntear an ré seo mar seo: an tréimhse Chaimbriach (590-500 milliún bliain ó shin), an tréimhse Ordaivíseach (500-435 milliún bliain ó shin), an tréimhse Shiolúrach (435-408 milliún bliain ó shin), an tréimhse Dheavónach (408-360 milliún bliain ó shin), an tréimhse Charbónmhar (360-280 milliún bliain ó shin), agus an tréimhse Pheirmeach (280-250 milliun bliain ó shin). Ré na ndineasár a bhí sa ré Mhéiseasóch, agus na péisteanna ceannasach ar fud an Domhain. Sa tréimhse Thriasach, 250-195 milliún bliain ó shin, tháinig na dineasáir i réim agus thosaigh Pangaea ag titim as a chéile. Ansin bhí an tréimhse Iúrasach, 195-140 milliún bliain ó shin. Sa tréimhse Chailceach, 140-65 milliún bliain ó shin, fuair na dineasáir uile bás. Le teacht na ré Caenasóiche tháinig na mamaigh i réim ar Domhan. Tugtar an tréimhse Threasach ar an idirlinn, 65-2 mhilliún bliain ó shin, agus an tréimhse Cheathartha ar an tréimhse ó shin i leith.[1]