Úsáideoir:MALA2009/Gandhi
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceannaire tábhachtach polaitiúil agus spioradálta ar an India agus ar ghluaiseacht neamhspleáchais na hIndia ba ea Mohandas Karamchand Gandhi (cabhair•eolas) (Gúisearáitis: મોહનદાસ કરમચંદ ગાંધી, AFI: [moɦən̪d̪äs kəɾəmʧən̪d̪ gän̪d̪ʱi]) (2 Deireadh Fómhair 1869 – 30 Eanáir 1948). Ceannródaí ba ea é ar satyagraha – diúltú don tíorántacht trí oll-easumhlaíocht shibhialta atá bunaithe ar ahimsa (neamhfhoréigean iomlán) – gluaiseacht a chuir an India ar bhealach an neamhspleáchais agus a spreag gluaiseachtaí ceart sibhialta agus saoirse ar fud an domhain. Is fearr aithne air timpeall an domhain le Mahatma Gandhi (Sanscrait: महात्मा mahātmā nó “Anam Mór”, teideal ómóis a ghair Rabindranath Tagore de ar dtús) agus san India le Bapu (Gúisearáitis: બાપુ bāpu nó “Athair”). Tugtar onóir oifigiúil Athair an Náisiúin do Gandhi san India; comórtar a bhreithlá, 2 Deireadh Fómhair, le Gandhi Jayanti san India, saoire náisiúnta, agus ar fud an domhain le Lá Idirnáisiúnta an Neamhfhoréigin.
Bhain Gandhi úsáid as easumhlaíocht shibhialta neamhfhoréigneach ar dtús agus é ina dhlíodóir easaoránach san Afraic Theas, tráth dá raibh an pobal Indiach a bhí ina gcónaí ann ag lorg cearta sibhialta. Nuair a d’fhill sé ar an India i 1915, chuaigh sé i gceann tuathánaigh, feirmeoirí agus oibrithe uirbeacha a eagrú le cur in aghaidh cáin iomarcach talún agus leithcheala. Agus ceannaireacht Chomhar Náisiúnta na hIndia á glacadh aige i 1921, bhí Gandhi i gceannas ar fheachtais san India chun an bhochtaineacht a mhaolú, cearta na mban a leathnú, cairdeas creidimh agus eitneach a fhorbairt, deireadh a chur leis an aos seachanta, féintuilleamaí geilleagrach a mhéadú, agus, thar aon ní eile, Swaraj a bhaint amach – is é sin, neamhspleáchas na hIndia ó fhorlámhas eachtrach. Bhí cáil ar Gandhi as na hIndiaigh a stiúradh sa ghluaiseacht Neamh-chomhoibrithe sa bhliain 1922 agus as cur in aghaidh na cánach ar shalann a ghearr na Briotanaigh le Máirseáil Salainn Dandi 400 km (249 míle) sa bhliain 1930, agus as an ngluaiseacht chun na Briotanaigh a ruaigeadh as an India (Bharat Chhodo Andolan) sa bhliain 1942. Cuireadh i bpríosún é ar feadh cuid mhaith blianta, uaireanta éagsúla, san Afraic Theas agus san India araon.
Chleacht Gandhi an neamhfhoréigean agus an fhírinne, agus mhol sé do dhaoine eile déanamh amhlaidh. Mhair sé go simplí i bpobal cónaitheach féindóthain agus chaith sé an dhoti agus an seál traidisiúnta Indiach, a bhí fite le snáth a d’fhaoileáil sé féin ar charkha. D’ith sé bia simplí feoilséantach agus rinne sé troscaí fada chun é féin a íonghlanadh agus chun agóid shóisialta a dhéanamh.