Úsáideoir:MALA2009/Óráid Gettysburg
From Wikipedia, the free encyclopedia
Óráid ba ea Óráid Gettysburg a thug Uachtarán na Stát Aontaithe, Abraham Lincoln, agus tá an óráid ar cheann de na hóráidí is minice a ndéantar tagairt dóibh i stair na Stát Aontaithe. Tugadh an óráid i Reilig Náisiúnta na Saighdiúirí in Gettysburg, Pennsylvania, tráthnóna Déardaoin an 19 Samhain, sa bhliain 1863 le linn Chogadh Cathartha Mheiriceá. Bhí ceithre mhí go leith caite tar éis d’airm an Aontais an ceann is fearr a fháil ar Lucht na Comhdhála ag Cath cinniúnach Gettysburg.
Thuill óráid Abraham Lincoln ─ a cuireadh i dtoll a chéile le dúthracht ─ ardmheas ar an lá in ainneoin nárbh í príomhóráid an lae í. Meastar anois go bhfuil sí ar cheann de na móróráidí is fearr a tugadh riamh i stair Mheiriceá. Laistigh de dhá nóiméad nó beagán níos mó, ba iad prionsabail chomhionannais an duine a d’impigh Lincoln ar an bpobal a chur chun cinn. Prionsabail ba ea iad a chosain Forógra Saoirse Mheiriceá. Rinne Lincoln an Cogadh Cathartha a athshainmhíniú ní hamháin mar choimhlint ar son an Aontais, ach mar “new birth of freedom” a thabharfadh fíorchomhionannas dá saoránaigh ar fad, agus a chruthódh náisiún aontaithe, nach mbeadh cearta na stát i gceannas a thuilleadh ann.
Thosaigh sé leis an abairt “Four score and seven years ago...”, abairt a bhfuil cáil mhór bainte amach aici. Thagair Lincoln d’imeachtaí an Chogaidh Cathartha agus dúirt sé gur deis a bhí sa searmanas in Gettysburg tailte na reilige a choisreacan, ach freisin na daoine a thiomnú don choimhlint chun an méid seo a leanas a chinntiú: “government of the people, by the people, for the people, shall not perish from the earth”.
In ainneoin go bhfuil áit shuntasach bainte amach ag an óráid i stair agus i gcultúr coitinn na Stát Aontaithe, táthar idir chamáin faoi fhoclaíocht chruinn na hóráide. Tá difríochtaí le feiceáil sna sonraí idir na cúig lámhscríbhinn aitheanta d’Óráid Gettysburg agus tá difríochtaí freisin idir iad agus athchlónna den óráid i nuachtáin na linne sin.