Ózón
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is móilín tríadamhach é an t-ózón, agus é comhdhéanta as trí adamh ocsaigine. Is foirm nó allatróp de chuid na hocsaigine é, nach bhfuil chomh cobhsaí leis an ngnáthocsaigin O2. Tá móilíní dhá adamh sa gnáthocsaigin, mar a léiríonn an fhoirmle, agus dá réir sin chloisfeá an téarma dé-ocsaigin (Béarla dioxygen) ó lucht na ceimice ó am go ham. Cosúil leis sin thabharfá trí-ocsaigin (trioxygen) ar an ózón de réir théarmaíocht chórasach na ceimice.
Substaint cheimiceach | homonuclear species (en) agus allotrope of oxygen (en) |
---|---|
Mais mhóilíneach | 47.985 Da |
Ról | photochemical oxidant (en) |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | O₃ |
SMILES canónta | Model 2D [O-][O+]=O |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Dlús | 0.0021445 g/cm³ (a 0 °C, gás) |
Tuaslagthacht | 0.001 g/100 g (uisce, 0 °C) |
Móimint leictreach dhépholach | 0.5337 D |
Pointe leáite | −193 °C |
Fiuchphointe | −112 °C (a 760 Torr) |
Eantrópach mólarach caighdeánach | 238.9 J/(mol K) |
Móimint leictreach dhépholach | 0.5337 D |
Galbhrú | 1 atm (a 20 °C) |
Guais | |
Meánteorainn nochta ualaithe ama | 0.2 mg/m³ (8 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Uasteorainn nochta | 0.2 mg/m³ (luach ar iarraidh) |
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte | 9.8 mg/m³ |
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () |
An t-ózón thuas in atmaisféar an Domhain, is gás an-fhóinteach é, nó ólann sé chuige (súnn sé isteach) an radaíocht ultraivialait dhíobhálach atá ag teacht ón nGrian. San am chéanna, áfach, is gás nimhe é an t-ózón ag leibhéal na talún, nó déanann sé dochar do chóras ríospráide na n-ainmhithe agus na ndaoine daonna araon. Oibríonn an t-ózón ar na scamhóga agus na broncais mar a oibríonn an clóirín, is é sin, cuireann sé leacht ag carnadh sna scamhóga, ionas go mbáfar an t-othar ar an talamh slán.
Tá ózón ar fáil i dtiúchan íseal fud fad atmaisféar an domhain, agus a lán feidhmiúcháin thionsclaíocha agus tomhaltacha aige.